zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
News
Irish
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Website
Episodes
100
01 July 2026
Dónall Ó Cnáimhsí Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt.
Labhair Dónall linn faoin ócáid ‘SEAS’ atá ar siúl in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath inniu, ócáid atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge áit a gcuirtear éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta os comhair baill den Oireachtas.
10 min
01 July 2026
Cartlann na Céadaoine.
Inniu téann muid siar go dtí an bhliain 1993 nuair a bhí Scoil Náisiúnta Chaiseal na gCorr ag ceiliúradh 150 bliain. Craoladh clár beo ón scoil ag an am agus seo mar a labhair beirt a bhí páirteach sa chlár, Frank Ó Maolagáin agus John Mór Mac Laifeartaigh le Séamus Mac Géidigh faoina dtréimhse ar an scoil.
6 min
01 July 2026
Aodh Máirtín Ó Fearraigh ó sheomra na nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4 min
01 July 2026
Seán Ó Gallachóir ó Chomhairle Ceantar Ghleann Fhinne.
Labhair Seán faoin mhaoiniú €1.4m atá ceadaithe do scéim uisce úr Leitir Bric, togra a bhfuil go leor daoine ag obair air le tamall fada anois.
8 min
01 July 2026
Mary Uí Chomhaill.
Tá an fhéile cheoil Sult ag pilleadh ar an ‘Big Top’ i Machaire a’Gathláin, Gaoth Dobhair, ar an 17ú d’Iúil.
10 min
01 July 2026
Pól Ó Cuireáin ó Chlub Rothaíochta Chú Uladh.
Beidh lá mór ag Club Rothaíochta Chú Uladh atá lonnaithe sa Ghaeltacht Láir ar an tSatharn seo nuair a bheas dúshlán mór rothaíochta ar siúl acu.
7 min
30 June 2026
Susan Ní Loingsigh múinteoir gairmthreorach i bPobalscoil Ghaoth Dobhair.
Is é amárach, an chéad lá de mhí Iúil, an spriocdháta do dhaltaí lena n-intinn a athrú maidir leis na roghanna atá déanta acu ar chóras iontrála an CAO. Labhair Susan linn faoin spriocdháta seo agus chuir sí rud beag comhairle ar dhaoine faoina gcuid roghanna.
8 min
30 June 2026
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4 min
30 June 2026
An Garda Breandán Mac Artáin ó Stáisiún Gardaí Leitir Ceanainn.
Mír rialta le ball den Gharda Síochána.
5 min
30 June 2026
Caitríona Nic Gairbheith Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.
Labhair muid le Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Caitríona Nic Gairbheith cúpla seachtain ó shin faoin champa úr do dhéagóirí, ‘Na Fianna Óga’ a bheas ar siúl anseo i nGaoth Dobhair an samhradh seo agus tá Caitríona linn ar maidin leis na mionsonraí agus an scéal is deireanaí faoin champa.
5 min